Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Ní féidir liom a rá sa chás seo go bhfuil fadhb faoi leith maidir leis an gcóras PAS. Níl mórán taithí agamsa le ceapacháin ach sna ceapacháin atá déanta agam, caithfidh mé a rá go bhfuil an córas mall. Níl aon dabht go bhfuil an córas mall. Níl mé á rá sin sa gcás seo ach go ginearálta, tá moill ann. Má tá daoine ag iarraidh trédhearcachta agus na daoine cearta, atá cáilithe, a cheapadh, caithfidh go bhfuil próiseas ann agus bíonn an próiseas sin mall ó am go ham. Tá a fhios agam go bhfuil sé seo tábhachtach agus go gcaithfidh muid é a dhéanamh. Ní féidir leanúint ar aghaidh, go ró-fhada, gan cathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18