Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Baineann an cheist seo go háirithe leis an bpunann maoine iomlán atá ag Údarás na Gaeltachta, agus go simplí an talamh agus na foirgnimh atá acu. Bhí athbhreithniú ann agus buíochas le Dia, tá sé críochnaithe. Baineann mo cheist go sonrach leis an bplean a eascraíonn as an athbhreithniú sinagus an teagmháil a bhí, nó atá, ag an Roinn ó thaobh na bhféidearthachtaí maidir leis an dtalamh agus na bhfoirgnimh seo a úsáid, go háirithe i gcomhthéacs cúrsaí tithíochta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18