Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Tá an t-údarás ag déanamh a dhíchill maidir leis seo. Tá sé i dteagmháil leis na cliaintchomhlachtaí. Tá an t-athbhreithniú ar siúl freisin. Tá an t-údarás ag iarraidh freisin go mbeidh plean caipitil aige agus é ceadaithe ag an mbord. Tá mise ag iarraidh go mbeadh ról níos mó ag an údarás maidir le tithíocht agus tá an obair sin tosaithe aige. Tá mé chun machnamh a dhéanamh ar an gceist sin sula dtagann an reachtaíocht tríd an Dáil. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh aghaidh an údaráis casta ar an bhfadhb seo. Measaim gur féidir go mbeadh ról lárnach ag an údarás i soláthar tithíochta, idir sholáthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne go háirithe, sa Ghaeltacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18