Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Tá cúig nó sé agallamh déanta agam leis na meáin Ghaeilge le seachtain anuas agus mé i m'Aire Stáit. Chuaigh mé isteach ar an gcéad lá agus ar an dara lá go dtí stiúideo TG4 agus bhí mé i stiúideo Tuairisc.ie freisin inné. Cuireadh an cheist orm i ngach agallamh agus tá mé an-sásta plé léi. Bhí an chéad cruinniú agam le hÚdarás na Gaeltachta i nGaillimh inné. Bhí an cruinniú sin gearr toisc go raibh orm teacht ar ais chuig an Dáil ach b'shin an céad uair a bhí an deis agam dul síos agus bhí mé ag iarraidh dul síos go luath. Beidh níos mó cruinnithe agam le hÚdarás na Gaeltachta. Tá a fhios ag lucht an údaráis go bhfuil an t-ábhar seo an-thábhachtach dom agus don Rialtas. Beidh mé ag plé na gceisteanna sa chomhthéacs seo a bhfuil leagtha síos ag cosmhuintir na Gaeltachta agus ag na Teachtaí Connolly agus Ó Cuív. Tá sé tábhachtach agus rinne Údarás na Gaeltachta an-obair. Tá monarchana agus gnóthaí ansin sa Ghaeltacht a choinníonn daoine sa Ghaeltacht, ach anois ta sé deacair teach a fháil ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht freisin. Tá an Rialtas ag déanamh oibre mhaith ar fud na tíre maidir le tithíocht ach is féidir ár n-aird a dhíriú ar na ceantair Ghaeltachta agus na deacrachtaí áirithe atá anseo, go háirithe le teanga, chomh maith leis na féidearthachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta chun díriú ar chúrsaí tithíochta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18