Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus tá an-chuid sonraí ansin. Tá togra an-dearfach i gceist agus i ndán do Choláiste Íosagáin leis an mol digiteach atá luaite aige agus go leor eile. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirfí é sin i gcrích agus tuigim go bhfuil costais ardaithe ó thosaigh an plean agus go bhfuil foinsí éagsúla á gcur in úsáid chun an maoiniú sin a bhailiú. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an t-údarás breá sásta a chuid maoinithe féin, maoiniú suntasach, a chur i gcrích agus a chur ar fáil ann agus nach mbeadh sé ag brath an iomad ar fhoinsí lasmuigh nach bhfuil siad i bhfeighil orthu. Nuair a chuir mé ceist ar an údarás, bhí sé ag cur suimeanna caipitil ar fáil i gcomhair na réigiúin éagsúla a bhí á scaipeadh de réir an daonra a bhí sa cheantar. Dár ndóigh, tá daonra níos lú i gceantar Ghaeltacht Chorcaí. Bheadh sé fíorthábhachtach nach mbeadh sé sin mar shrian ar an gcaipiteal maoinithe a bheidh ar fáil ón údarás. An féidir a chinntiú mar sin go mbeidh sciar maith den mhaoiniú ar fáil ón údarás, pé maoiniú gur ghá chun a chinntiú gur féidir an togra tábhachtach seo a chur i gcrích? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18