Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta Ó Muineacháin de gur chuir sé ceist orm maidir leis an ábhar seo. Bhí mé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta inné agus beidh níos mó teagmhála ar siúl agam leis, agus beidh mé ag cur cás Chorcaí agus Gaeltacht Chorcaí, áit a d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge nuair a chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht ar Oileán Chléire nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Tá rudaí ar siúl ar fud Chontae Chorcaí freisin. Tá 53 post i gCorcaigh faoi láthair i gcomhlachtaí atá ag fáil tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta, agus tá pleananna teanga á bhfeidhmiú freisin i gceantar féin an Teachta, i Múscraí agus d’Oileán Chléire é féin. Ba mhaith liomsa aird a dhíriú ar Chontae Chorcaí agus ar Ghaeltacht Chorcaí agus ar an togra seo agus beidh mé ar ais i dteagmháil leis an Teachta nuair a dhéanann mé níos mó teagmhála le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an gceist seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18