Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Pearse Doherty (SF), Donegal Is é an Tánaiste ceannaire Fhianna Fáil. Is é an chéad chinneadh atá glactha ag an Aire Stáit úr ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht ná toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt siar. Tá sé sin náireach agus scannalach. Ní bheidh toghcháin Údarás na Gaeltachta anois ag tarlú ar 7 Meitheamh leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha mar a bhí geallta ag páirtí agus Rialtas an Tánaiste. Mar a dúirt mé, tá sé scannalach. Ag tús 2023, foilsíodh ceannteidil Bhille le daonlathas a thabhairt ar ais go dtí an Ghaeltacht. An tseachtain seo, d'fhoilsigh an Rialtas na ceannteidil arís. Bhí a fhios aige ó seacht mí ó shin go raibh folúntas ar bhord Údarás na Gaeltachta agus nach raibh cathaoirleach chun a bheith ar an mbord sin. Seacht mí ina dhiaidh sin, níl cathaoirleach againn go fóill. Tá ceist agam ar an Tánaiste. Cén uair a bheidh toghcháin ann do bhord Údarás na Gaeltachta? An bhfuil cliú ag an Tánaiste cén uair a bheidh toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18