Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-04-18 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Tá brón orm. Tá canúint Dhún na nGall ag an Teachta agus is é canúint Chorca Dhuibhne atá agam féin so bíonn deacrachtaí anois agus arís. Ar dtús báire, déanaim comhghairdeas leis an Teachta Thomas Byrne as ucht a bheith tofa mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht. Tá dúil faoi leith aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá an méid infheistíochta atá á chur isteach ag an Rialtas seo ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Maidir leis na toghcháin, níl an reachtaíocht réidh go fóill. Caithfidh an tAire Stáit a bheith macánta le daoine. Níl an dealramh ar an scéal go mbeidh an reachtaíocht réidh roimh na toghcháin áitiúla. Is é sin bun agus barr an scéil. Beidh an reachtaíocht ag teacht. Tugaim geallúint go gcuirfimid i bhfeidhm é roimh dheireadh an tseisiúin seo, is é sin, roimh an samhradh. Is é sin atá faoi chaibidil ag an Aire Stáit. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-04-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:51+00:00 Sitting date: 2024-04-18