Ceisteanna Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-05-09 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Go raibh maith ag an Teachta as ucht an cheist thábhachtach seo a ardú. Beidh mé ag caint le hAire na Gaeltachta, Thomas Byrne, go háirithe i gcomhthéacs na ceiste seo. Admhaím gur áis thábhachtach é seo do mhuintir Chorca Dhuibhne. Níl cúlra an scéil agam ina iomláine ach déanfaidh mé an cheist a fhiosrú. Bhíos i gCorca Dhuibhne le déanaí in Ionad an Bhlascaoid. Bhí an Rialtas sásta an-chuid infheistíocht a chur isteach in Ionad an Bhlascaoid agus tá torthaí an-mhaith ag teacht as. Táimid báúil le níos mó áiseanna a chur ar fáil do na Gaeltachtaí agus go háirithe do Chorca Dhuibhne. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-05-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:52:56+00:00 Sitting date: 2024-05-09