Financial Resolution No. 7 - General: Motion (Resumed) Dail Éireann — 2020-10-14 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West I dtosach báire, cuirim fáilte roimh an €3.5 milliún atá curtha ar fáil do TG4 ach tá sé thar am athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil craoltóireachta na tíre. Creidim go bhfuil luach airgid iontach á thabhairt ag TG4, go mór mór nuair a thugtar san áireamh go bhfuil sé ag craoladh i dteanga mhionlaigh. Déanann sé meascán maith clár. Molaim caighdeán na gclár faisnéise a chuireann sé ar fáil go mór mór. Táim in amhras go mór ar RTÉ ar uairibh. Ceapaim go bhfuil an-mheas aige air féin agus b'fhéidir go bhfuil i bhfad níos mó measa aige air féin ná mar atá ag an bpobal air ó thráth go chéile. Sílim go bhfuil sé in am breathnú ar an reachtaíocht chun a bheith cinnte go bhfuil na haidhmeanna náisiúnta atá leagtha síos i reachtaíocht á gcur i bhfeidhm. Ar ndóigh, nuair a thagann sé go Raidió na Gaeltachta, tá sé go síoraí seasta fágtha ar an ngannchuid. Tá pá níos lú ag a fhoireann agus oibríonn siad níos déine. Bíonn i bhfad níos lú daoine i mbun cláir faisnéise á ndéanamh agus, mar sin féin, cuireann siad amach cláir den scoth chuile lá. Mura bhfuil RTÉ sásta breathnú i ndiaidh Raidió na Gaeltachta, creidim go gcaithfimid leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht le céatadán áirithe de bhuiséad RTÉ a chur i leataobh do Raidió na Gaeltachta. There was a time, and the Acting Chairman has been in the House even longer than I have----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-10-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:41+00:00 Sitting date: 2020-10-14