Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-05-30 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá cur síos ar an saghas comhairliúcháin agus taighde atá i gceist agus 250,000 i gceist. Is rud maith é go bhfuil taighde faoi chaibidil agus is rud maith é go bhfuil próiseas comhairliúcháin i gceist. Is é an rud a chuireann isteach orm ná go ndearnadh cinneadh sé mhí ó shin i bhfianaise na géarchéime atá ann sna Gaeltachtaí uilig ó thaobh cúrsaí tithíochta. Ag dul siar ar cheisteanna a chuir mé maidir leis An gCeathrú Rua, An Rinn agus Gaoth Dobhair, cuireadh in iúl dom go soiléir go raibh próiseas tosaithe ó thaobh léirithe spéise de maidir le heagraíochtaí ar an talamh. Cá bhfuil an próiseas sin faoi láthair? Cé mhéad aighneachtaí a tháinig isteach ó na heagraíochtaí éagsúla? Táimid ag tógáil céim chun tosaigh agus céim ar gcúl ag an am céanna agus is é sin an imní atá orm. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-05-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:02+00:00 Sitting date: 2024-05-30