Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2024-05-30 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Fáiltím go bhfuil sraith cruinnithe i gceist agus tugaim suntas go bhfuil an eagraíocht seo le teacht ar ais le tuilleadh fianaise. I ndáiríre, níl a fhios agam cén fáth a bhfuil tuilleadh fianaise i gceist. Tá sé ráite go mion minic ag gach Teachta Dála ar an taobh seo den Dáil go bhfuil géarchéim tithíochta i gceist. Tá mé ag breathnú anois ar na bhfocail a dúirt an tAire Stáit: “Tá na treoirlínte le foilsiú ag an Roinn tithíochta go luath”. Cé nach mbaineann sé sin leis an Aire Stáit, baineann i ndáiríre. Ag dul siar, bhí grúpa idir-rannach i gceist chun oibriú le cheile ó thaobh na ndeacrachtaí atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae. Ta eagraíocht breise anois ann, is í sin, BÁNÚ, anuas ar eagraíocht eile, ag rá linn go bhfuil géarchéim ann agus go bhfuil gá le beart de réir ár mbriathar. Arís, tá orm é a rá. Is é atá i gceist ná rud chomh bunúsach le treoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú agus ag dul ar ais----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-05-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:02+00:00 Sitting date: 2024-05-30