Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2024-05-30 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Maidir leis na treoirlínte, tá an ceart ag an Teachta. Tá an jab sin le déanamh agus tá sé á dhéanamh ag an Roinn tithíochta. Tá idirchaidreamh agus comhrá ag tarlú idir an dá Roinn agus idir na hoifigigh maidir leis na treoirlínte a chur chun críche, a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir. Tá a fhios agam go bhfuil brú leis sin. Caithfidh na treoirlínte sin a bheith i gceart agus a bheith réidh. Tá mé cinnte – tá mé ag rá leis an Dáil – go bhfuil an-obair á déanamh ag an Roinn tithíochta maidir leis seo agus tá muid ag súil leis na treoirlínte. Nuair a fhoilseofar iad, is dócha go bhfeicfear an méid oibre atá déanta idir an dá Roinn. Tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh. Go deimhin, tá gach duine ag súil le foilseachán na dtreoirlínte seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-05-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:02+00:00 Sitting date: 2024-05-30