Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2024-05-30 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá muid ag súil leis an tríú rúnda Fatima, freisin. Tá muid ag fanacht agus ag fanacht agus tá sé ag éirí i bhfad níos deacra dul taobh amuigh den Dáil agus éisteacht leis an rud atá á rá acu. Ceapann siad nach bhfuil rud á dhéanamh againn. Chun é a ardú os comhar na Dála arís, tá mé i mo bhall den chomhchoiste Gaeilge, ar a bhfuil an Teachta Ó Snodaigh mar Chathaoirleach, agus bhí na córais áitiúla os ár gcomhair ó Ghaillimh, Maigh Eo agus ó gach contae ina bhfuil Gaeltacht. Bhí se soiléir go bhfuil easpa tuisceana iomláine ó thaobh cúrsaí Gaeilge de. Ní raibh tuiscint ar bith acu. Nuair a luann an tAire Stáit go gcaithfidh muid cur san áireamh go bhfuil forálacha san Acht Pleanála agus Forbartha, 2000, tá an ceart aige ach níl tuiscint ar bith ann. Níl a dhóthain foirne nó tá rud in easnamh mar ta géarchéim tithíochta i gceist sna Gaeltachtaí uilig. Tá a fhios ag an Aire Stáit sin. Is é an rud atá a dhéanamh agam anseo, seachtain i ndiaidh na seachtaine, ná solas a dhíriú agus brú a chur ar an Rialtas rud a dhéanamh agus beart a dhéanamh. Ba mhaith linn oibriú as lámha a chéile ó thaobh na teanga de agus ó thaobh na nGaeltachtaí atá inmharthana. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-05-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:02+00:00 Sitting date: 2024-05-30