Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2024-05-30 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Caithfidh mé a rá arís go bhfuil oifigigh ón dá Roinn i mbun idirchaidrimh. Maidir leis an ábhar seo, tá siad ag iarraidh an obair sin a chur chun críche chomh luath agus is féidir. Tá me ag rá anseo go bhfuil an obair seo práinneach agus go gcaithfidh muid déileáil léi. Tá géarchéim thithíochta sa tír seo. Tá an-obair á déanamh ag an Rialtas maidir leis an ngéarchéim sin ar fud na tíre ach admhaím agus aithním go bhfuil tréithe faoi leith sa Ghaeltacht maidir le cúrsaí teanga. Is é mo thoil ná go bhfoilseofar na treoirlínte agus go gcríochnófar an obair chomh luath agus is féidir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-05-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:02+00:00 Sitting date: 2024-05-30