Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge Seanad Éireann — 2024-06-20 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Aontaím leis an Seanadóir go bhfuil fadhbanna ann. Is é sin an fáth a bhí muid ag oibriú, mar Stát, go mbeadh Acht nua ann. Beidh na cearta teanga agus gach rud i bhfad níos fearr tríd an próiseas nua atá ann maidir leis an Acht nua. Tá struchtúr ann agus beidh treoirlínte agus coiste nua ann. Beidh an plean ag dul go dtí an Rialtas i gceann trí mhí chun an tAcht nua a chur i bhfeidhm. Mar a dúirt mé, beidh mé i dteagmháil leis an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, maidir leis an bpointe ar baineadh amach inniu agus an díospóireacht sin. Tá mé dóchasach go mbeidh gach rud maidir leis an teanga i bhfad níos fearr leis an clár Rialtais agus an tAcht nua anois. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2024-06-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:06+00:00 Sitting date: 2024-06-20