Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim Dail Éireann — 2024-07-11 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta Byrne. Caithfidh mé a rá go gcuirim fáilte roimh an Bille seo. Tá mé cinnte go bhfuil sé féin sásta gur féidir leis, mar Aire Stáit na Ghaeltachta, é seo a chur faoi bhráid na Dála. Tá sé seo fíorthábhachtach. Is dócha go bhfuil go leor againn, nó chuile dhuine atá anseo ar aon chuma, ar aon intinn mar gheall ar na toghcháin a bheith ag teacht ar ais. Ar ndóigh, mar atá a fhios ag chuile dhuine, bhain Rialtas de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus Fhine Gael na toghcháin seo in 2012. Ba bhuille é seo don dhaonlathas sa Ghaeltacht. Mar sin, cuirim fáilte roimh an reachtaíocht seo agus tá sé iontach go bhfuil na toghcháin ag teacht ar ais. D'fhógair an tAire, an Teachta Chambers, agus é mar Aire Stáit na Gaeltachta i mí na Nollag 2022, go mbeidís ag teacht ar ais. Tharla athrú Aireachta ag an bpointe sin agus as sin amach, níor chuala muid mórán tráchta air. Mar sin, tá mé sásta go bhfuil sé seo ag tarlú anois agus tá súil agam go mbeidh na toghcháin ann go luath. B’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann insint dúinn an dáta ar a mbeidh na toghcháin sin agus b’fhéidir go bhfeicfidh muid ansin an dáta ar a mbeidh toghchán eile ag an am céanna. Má tá siad ar siúl i gceann míosa nó dhó, beidh a fhios againn----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-07-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:12+00:00 Sitting date: 2024-07-11