Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim Dail Éireann — 2024-07-11 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Is iontach go bhfuil sé sin déanta agus go bhfuil sí ann. Na pointí a rinne an t-iarchathaoirleach de chuid Údarás na Gaeltachta, bhí sí sásta go raibh ionadaíocht ann ó na ceantair ar fad. Go dtí sin, bhí ar na Gaeltachtaí beaga duine a chuir ann le haghaidh dhá bhliain nó rud mar sin. Tá deireadh leis sin. Dhírigh sí ar chumas teanga: "Is bunriachtanas é go mbeadh ar chumas chomhaltaí Boird an Údaráis a gcuid gnó a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge." Is dócha go mbeidh rialacháin nó caighdeán i gceist. Dhírigh sí isteach air sin. I measc rudaí eile ar dhírigh siad isteach orthu, do luaigh sí B2 agus caighdeán eile. Tagraím do chothromaíocht inscne arís. Chun a bheith féaráilte don Aire Stáit, bhí deacrachtaí againn córas a oibriú amach chun a cinntiú go mbeadh cothromaíocht inscne i gceist. Tá a fhios agam go bhfuil dualgas ar an rialtas cinntiú go mbeidh mná i gceist le 40% de gach bord Stáit. Ní mór a dheimhniú go mbeidh sé sin i gceist. Mar fhocal scoir, bíonn mé i gcónaí idir dhá chomhairle ó thaobh na teanga de. Fuaireamar bileog eolais ó thaobh an Bhille seo ón Roinn. Bhí sé iomlán i mBéarla. Tá sé agam anseo. Buíochas le Dia as gluais na mBillí a thugann cabhair dúinn. Tá sé i gcónaí deacair labhairt go líofa i nGaeilge gan an téarmaíocht. Scríobh muid ar ais chuig an Roinn. Fuair muid acknowledgement ach ní bhfuaireamar aon bhileog trí Ghaeilge. Tharla rud eile ó thaobh na Gaeilge de inné. Tá dea-thoil i ngach áit sa bhfoirgneamh seo ach níl an córas ag coinneáil suas leis an dea-thoil sin ó thaobh gach cáipéis a bheith trí Ghaeilge. Chualamar Teachtaí Dála ag caint inniu trí Ghaeilge nár chualamar riamh. Is maith an rud é sin. Is dóigh go bhfuil easpa muiníne i gceist. Thosaigh an Cathaoirleach Gníomhach i nGaeilge freisin. Is iontach an rud é go bhfuil Teachtaí Dála ag baint úsáid as an nGaeilge ach tá gá le cabhair. Bhí sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar fhochoiste um chur chun cinn na Gaeilge sa Dáil. Bhí moltaí praiticiúla againn a bhí feiliúnach do mo chomhghleacaithe agus do na maoir ar an talamh ach níl a fhios agam cá bhfuil an fecking tuarascáil sin. Gabh mo leithscéal as sin ach níl a fhios agam. Tá sé áit éigin ach níl a fhios agam cén áit. Fáiltím roimh an mBille ach is gné bheag den mhéid atá ag teastáil bunaithe ar aitheantas go bhfuil staid na Gaeilge agus na nGaeltachtaí thar a bheith goilliúnach. Ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Is í seo an fhuinneog dheireanach atá againn chun déileáil leis na dúshláin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-07-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:12+00:00 Sitting date: 2024-07-11