An Ghaeltacht Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Níl a fhios agam an bhfaca sé an clár "Níl Aon Tinteán" ag TG4 an oíche faoi dheireadh, a tharraing aird ar an drochthionchar atá ag an méadú ar lóistín turasóireachta gearrthéarmach agus leithéid Airbnb ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. N’fheadar ar labhair sé leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an gheallúint ar thug seisean go mbeidh na treoirlínte pleanála foilsithe aige gan mhoill. Gealladh an méid sin in 2021. Tá breis ama imithe ó shin agus tá gá le ráiteas maidir leis seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19