An Ghaeltacht Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire agus fáiltím roimh aon dul chun cinn maidir leis na tithe turasóireachta gearrthéarmacha, Airbnb is a leithéid. Is dea-rud a bheidh ann má tá srianta le bheith curtha orthu le gur féidir le pobal na Gaeltachta teacht ar dídean nó tithe níos buaine ná mar atá acu, má tá siad á lorg. An príomh fáth go bhfuil an cheist seo curtha chuig an Aire ná gur chuireadh an cheist seo go dtí an Aire tithíochta agus dhiúltaigh sé é a fhreagairt. Is eisean an duine a thug an geallúint go mbeidh na treoirlínte foilsithe. Níor tharla sé sin. Cén uair a fhoilseofar iad? Gealladh go mbeadh siad seo foilsithe in 2021 agus féachaimid ar fad an géarchéim atá ann agus ní Airbnbs amháin atá i gceist. Tá cúrsaí pleanála bainteach leis seo. Ní féidir leo siúd a bhfuil suíomh acu tithe a thógáil. Cén uair a bheidh na treoirlínte pleanála Gaeltachta sin foilsithe? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19