An Ghaeltacht Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá neart oibre ar siúl maidir leis na treoirlínte seo agus go deimhin, is an Roinn tithíochta a eiseoidh iad. Tá siad ag obair inár dteannta maidir leo. Tá an cheist seo casta. B'fhéidir nach bhfuil freagra amháin ar an bhfadhb seo; b'fhéidir go bhfuil níos mó ná freagra amháin uirthi. Caithfimid gach rud a dhéanamh a bheadh féaráilte do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge agus a chuireadh an Ghaeilge chun cinn mar bhunphrionsabal. Tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh. Táimse ag súil leis na treoirlínte sin a eisiú, ach ní féidir liom a rá ón uair go ndeachaigh mé isteach sa Roinn go bhfuil sé éasca. Tá neart ceisteanna ag teacht anuas maidir leis seo. Tá súil agam go mbeidh an Roinn tithíochta in ann na treoirlínte seo a chur ar fáil agus go mbeidh níos mó cabhair ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. An rud is tábhachtaí do gach duine sa tír seo, muintir na Gaeltachta san áireamh, ná soláthar i bhfad níos mó tithíochta. Is í sin an fhadhb. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19