An Ghaeltacht Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Táimid ar fad den tuairim go bhfuil gá le níos mó tithíocht sa Ghaeltacht agus gur gá dúinn aire a thabhairt nach bhfuilimid ag déanamh an timpeallacht a scriosadh. Is féidir linn an méid seo a dhéanamh. Is é sin an fáth gur gheall an Aire tithíochta go mbeadh na treoirlínte ar fáil. Gach uair a chuirim ceist ar an Aire go príobháideach, go hoscailte san Dáil nó ag an gcoiste, cuireann sé an milleán ar Roinn an Aire Stáit á rá go bhfuil Roinn an Aire Stáit ag moilleadóireacht, go bhfuil seisean críochnaithe leo agus go bhfuil an locht ar an Roinn Gaeltachta nach bhfuileadar foilsithe. Nuair a chuirim ceist ar an Roinn, deireann siad go bhfuil siad ag obair ar aghaidh orthu nó go bhfuileadar leis an Roinn eile. Tá fadhb éigin ann, tá logjam ann agus ní bhaineann sé liomsa nó leis an bpobal, baineann sé leis an dá Roinn. An féidir leis na hAirí atá ag déileáil leo a rá cén uair a bheidh na treoirlínte ar fáil? Mar a dúirt mé, gealladh go mbeadh siad foilsithe i mí na Nollag 2021. Cá bhfuilimid ag anois ach ag druidim le mí na Nollag 2024, trí bliana caite, agus níl siad ar fáil? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19