An Ghaeltacht Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Mar a dúirt mé, tá an cheist seo casta agus tá rudaí atá fós le plé maidir leis seo. Eiseofar na treoirlínte seo ón Roinn tithíochta ach gan aon amhras tá baint ag an Roinn s’againne leo agus táimid ag obair go hinmheánach ag plé na ceisteanna seo. Tá teagmháil idir an dá Roinn agus tá an obair seo ag leanúint ar aghaidh. Ba mhaith liomsa go n-eiseofar na treoirlínte seo ach caithfidh mé admháil gur ceist chasta atá ann. B’fhéidir nach bhfuil freagra simplí ar an gceist seo. Tá an obair ag leanúint ar aghaidh. Bhí mé ag plé na gceisteanna seo le mo Roinn agus táimid ag iarraidh go n-oibreoidh sé seo agus nach mbeidh ceisteanna sa todhchaí faoi na treoirlínte a eiseofar. Tá mé ag súil le toradh na hoibre atá á dhéanamh agam le hoifigigh agus táim ag súil leis go mbeidh mé ábalta tuilleadh a rá sa todhchaí beag amach romhainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19