Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Baineann mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus go háirid leis an tionscnamh tithíochta a cheadaigh an t-údarás ag deireadh na bliana seo caite chun samhail le haghaidh tithíocht inacmhainne a fhorbairt ar thalamh atá i seilbh an údaráis. Ba mhaith liom an t-eolas is déanaí a fháil ar an tionscnamh sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19