Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá an freagra sin faighte agam faoi thrí anois. Nílim ag cur an locht air an Aire ach tá a fhios aige go bhfuil géarchéim uafásach ó thaobh cúrsaí tithíochta sna Gaeltachtaí. Is é sin an fáth gur chuir muid brú ar Údarás na Gaeltachta trí ceisteanna a chur anseo go leanúnach le rud éigin a dhéanamh ó thaobh cúrsaí tithíochta. Tá dualgas tromchúiseach ar an údarás rudaí a dhéanamh ó thaobh cúrsaí teanga, cúrsa pobail agus cúrsaí fostaíochta. Is é sin an fáth i ndeireadh na dála go ndearna an t-údarás cinneadh ag deireadh na bliana seo caite. Mo cheist ionraic ná an féidir an nuacht is déanaí a fháil ó thaobh cén dul chun cinn atá déanta ar na forbartha sin? Tá na figiúirí ar fad ar eolas agam. Tá an taighde léite agam. Ach tá eagraíochta cosúil le BÁNÚ agus eagraíochtaí eile ar an talamh ag cur brú ollmhór orainn rud éigin a dhéanamh – agus an ceart acu. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19