Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Ag tosnú leis sin, is fadhb ollmhór iad na tithe saoire sna Gaeltachtaí. Tá líon na dtithe thar a bheith ard. Is íorónach an scéal é go bhfuil an méid sin tithe saoire ann agus go bhfuil tithe folmha sna Gaeltachta fhad is atá géarchéim tithíochta ann. An dtabharfaidh an tAire Stáit dáta dom maidir le cén uair a bhéas an taighde críochnaithe? An bhfuil sé i mbun oibre ó thaobh tuilleadh acmhainní a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta? Bhí, agus tá sé i gcónaí, ar an ngannchuid i gcomparáid leis an IDA agus Enterprise Ireland. Mar a dúirt mé, agus tá sé tábhachtach é a athrá, tá trí dualgas ar an údarás. Tríonóid na ndualgas atá air: pobal, teanga agus fostaíocht. Dhírigh sé isteach ar chúrsaí fostaíochta ach tá gá le díriú ar chúrsaí tithíochta ionas go mbeadh daoine in ann maireachtáil sa Ghaeltacht, an teanga a chur chun cinn agus slí beatha a bhaint amach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19