Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Maidir le hacmhainní don údarás, táimid i gcónaí ag plé na gceisteanna seo leis an Roinn caiteachais phoiblí agus go háirithe in aimsir na cáinaisnéise tá na cainteanna sin ar siúl. Táimid ag iarraidh níos mó airgid a fháil do chúrsaí Gaeilge agus do chúrsaí Gaeltachta. Táimid, an dá Aire agus oifigigh na Roinne san áireamh, ag obair go dian air sin. Freisin, ó thaobh tithíochta de, tá athrú meoin ag teacht agus tá aitheantas ansin go bhfuil ról ag Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht. Tá sé sin ag tosnú, tá brú ar an údarás agus tá muid ag cur an brú sin freisin. Measaim gur féidir linn a rá go mbeidh níos mó ar siúl ag Údarás na Gaeltachta amach anseo go háirithe i ndiaidh an jab seo atá déanta aige ach freisin leis an gcumhacht bhreise atá i mBille an údaráis. B’fhéidir go dtarlóidh níos mó rudaí ina dhiaidh sin. Tá mé ag iarraidh an Bille seo a chur tríd an Dáil roimh an olltoghchán ach b’fhéidir go mbeidh níos mó spáis ina dhiaidh sin freisin chun níos mó dul chun cinn a dhéanamh. Is tús é seo. Caithfimid leanúint ar aghaidh agus dul chun cinn a dhéanamh maidir leis sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19