Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East I mí an Mheithimh anuraidh, d'fhógair an Roinn go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht Barr Feabhais Teoranta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta, 2012. Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 a chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú. Is iad seo a leanas na deich limistéar pleanála teanga atá i gceist: Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; na Déise; Ciarraí theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí thiar; Conamara láir; An Cheathrú Rua; Maigh Eo thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór. Tá an obair ar an tuarascáil fós ag dul ar aghaidh agus táim ag súil go mbeidh sé réidh le foilsiú go gairid. Tuigtear dom go bhfuil bailchríoch á chur air i láthair na huaire. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19