Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Bhí obair an-éasca ag an duine a scríobh an freagra sin because tá sé focal ar fhocal mar an gcéanna leis an bhfreagra a fuarthas cheana. Níl mé ag magadh. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá an t-athbhreithniú seo ar siúl. Bhí an t-airgead le fáil ach níl tásc ná tuairisc ar an tuarascáil. Tá éiginnteacht i gceist ó thaobh na n-oifigeach ar an talamh agus an dualgas orthu agus ar na hoibrithe deonacha an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é an rud atá i gceist anseo ná deich bplean. Tá i bhfad níos mó pleananna i gceist agus mise ag fáil an freagra ceannann céanna. Tá a fhios agam go bhfuil croí agus anam an Aire Stáit laistigh den Ghaeilge ach tá cúrsaí pleanáil teanga, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí fostaíochta fite fuaite le chéile. Má táimid i ndáiríre faoin Ghaeltacht a choinneáil beo, bríomhar agus beomhar agus daoine ag maireachtáil inti, tá gá le freagraí atá i bhfad níos cruinne ná sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19