Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Tá athbhreithniú neamhspleách ar siúl maidir leis seo. Tá an t-athbhreithniú fós ar siúl. Níl aon tionchar polaitiúil ar an bpróiseas sin. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé neamhspleách agus go mbeidh an scéal iomláin inste dúinn. Caithfimid fanacht ar an obair sin. Táim ag súil leis an athbhreithniú. Táim ag súil leis na scéalta maithe a thiocfaidh amach as agus leis na drochscéalta gur féidir a thiocfaidh amach as. Níl a fhios agam mar níl aon tionchar agam ar an tuarascáil seo. Táim ag fanacht air. Tá sé beagnach críochnaithe. Táimid ag iarraidh féachaint ar cad atá ag tarlú. Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna ansin ach tá a fhios agam go bhfuil rudaí maithe ag teacht freisin. In áiteanna áirithe tá na pleananna seo ag obair. Fanfaidh mé ar an athbhreithniú seo. Fanfaidh mé go dtí go dtagann an t-eolas neamhspleách amach agus tá súil agam go dtarlóidh sé sin go gairid. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19