Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2024-09-19 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Tá súil agam go mbeidh sé seo foilsithe go gairid agus tá mé ag súil leis. Caithfidh mé a rá arís nach bhfuil aon tionchar polaitiúil air seo. Tá sé go hiomlán neamhspleách. Caithfidh muid fanacht air. Tógann na rudaí seo píosa ama. Ní féidir iad a dhéanamh faoi dheifir, agus tá mise ag iarraidh go mbeadh an obair déanta i gceart ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus na fadhbanna a aimsiú agus na dea-phointí a aimsiú freisin. Teastaíonn uaim a shoiléiriú conas gur féidir linn na cleachtaí maithe a chur i gcríoch, b'fhéidir in áiteanna eile, agus conas gur féidir linn stad a chur le rudaí nach bhfuil ag obair. Tá mé ag súil leis an tuarascáil seo agus tá súil agam go mbeidh sí againn go gairid. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:14+00:00 Sitting date: 2024-09-19