Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-09-26 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Bhí sé iontach a bheith ar Inis Mór roinnt seachtainí ó shin i gcomhair sheoladh oifigiúil otharcharr nua Inis Mór. Bhí súil ag muintir Inis Oírr go bhfaigheadh siad sean-otharcharr Inis Mór ach ní bhfuair mar gheall go raibh sé i ndroch-chaoi. Tuigim sin ach is léir go dteastaíonn otharcharr ó Inis Oírr. Tá beagnach 350 duine ar Inis Oírr agus i rith an tsamhraidh bíonn breis agus 3,000 duine ag teacht chuig an oileán ar bhonn laethúil. Faoi láthair, úsáidtear feithiclí atá ar an oileán ach ní léiríonn sé sin an meas agus an t-ómós cuí do na hothair agus, ar ndóigh, níl sé praiticiúil ach an oiread. Tuigim go mbeadh costas thart ar €300,000 i gceist. Tá cáinaisnéis an tseachtain seo chugainn agus tuigim go bhfuil airgead sa chiste. An féidir leis an Teachta Martin, mar Thánaiste agus mar iar-Aire Sláinte oibriú leis na húdaráis chuí chun otharcharr a chur ar fáil ar Inis Oírr? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:16+00:00 Sitting date: 2024-09-26