Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-09-26 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Mar a dúirt an Teachta, is iontach an scéal é go bhfuil otharcharr nua in Inis Mór anois. Níl aon ionadh orm go bhfuil muintir Inis Oírr ag lorg otharchairr chomh maith. Fuair an tAire Sláinte an-chuid airgid i mbliana agus, faoi láthair, don bhliain seo chugainn tá sé ag lorg níos mó airgid agus áiseanna. De réir dealraimh, tá sé fós ag caint leis an Aire caiteachais, an Teachta Donohoe. Laistigh den mhéid airgid atá aige, b'fhéidir go mbeidh sé in ann níos mó airgead nó infheistíocht a chur ar fáil d'Inis Oírr. Caithfidh mé labhairt leis. Beidh mé sásta labhairt leis agus a rá leis go bhfuil ceist ann anois agus go bhfuil sé mar aidhm ag muintir Inis Oírr otharcharr a fháil. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-09-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:16+00:00 Sitting date: 2024-09-26