Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-10-03 ============================================================ Pearse Doherty (SF), Donegal Mar iar-Aire Stáit na Gaeltachta, tá a fhios ag an Aire, an Teachta Chambers, nach fiú mórán na pinginí a chaith an Rialtas i dtreo na Gaeltachta sa bhuiséad seo chun tabhairt faoin ngéarchéim tithíochta agus teanga atá ag scrios pobal agus ag díbirt teaghlach as a gceantar dúchais féin. Ar ndóigh, caitheann an Rialtas seo airgead ar na rudaí tábhachtacha, a deir sé, cosúil le púitsí speisialta chun fóin phóca a choinneáil slán sna scoileanna. Gheobhaidh na púitsí agus na fóin phóca seo 50% níos mó maoinithe ná a fógraíodh sa bhuiséad don Ghaeltacht ar an iomlán. Fuair na púitsí fóin €9 mhilliún agus in áit €6 mhilliún don teanga náisiúnta. Tá níos mó measa á thaispeáint ag an Rialtas seo do i-fóin ár bpáistí ná atá siad dár seoid, dár n-oidhreacht agus do thodhchaí na Gaeltachta. Fiafraím den Aire, cad ina thaobh a bhfuil an Rialtas ag tabhairt níos mó airgid do na púitsí fón ná a d'fhógair sé don Ghaeltacht agus cad é an fáth go bhfuil 50% níos mó maoinithe á thabhairt do na púitsí fóin seo ná an uasmhéid a d'fhógair an tAire don Ghaeltacht agus don Ghaeilge sa cháinaisnéis seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-10-03/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:18+00:00 Sitting date: 2024-10-03