Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-10-03 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Gabhaim buíochas leis an Teachta. Trí phróiseas an bhuiséid, bhí an tAire Stáit, an Teachta Byrne i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Donohoe, maidir le gach rud sa Ghaeltacht agus tá níos mó tacaíochta á tabhairt chun Údarás na Gaeltachta a fheabhsú maidir leis an obair thábhachtach a dhéanann sé. Tá an buiséad do 2025 6.3% níos fearr nó don bhliain seo agus beidh an tAire Stáit, an Teachta Byrne, ag obair le gach duine sa Ghaeltacht, i gcontae an Teachta Doherty agus sna contaetha eile, chun níos mó a dhéanamh maidir le scéimeanna teanga, mar shampla, agus go leor polasaithe eile a chur i bhfeidhm. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-10-03/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:18+00:00 Sitting date: 2024-10-03