Cúrsaí Oidhreachta Dail Éireann — 2024-11-07 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West D'fhág mé 50 soicind aige ar aon chaoi. Tá mé ag díriú ar an ábhar deireanach, is é sin an rud seo faoin pháirceáil, mar tá an obair eile ar bun, rud atá mé an-sásta faoi mar tá dul chun cinn ann. Is í an áit a bhfuil an chontúirt agus an fhadhb ná leis an bpáirceáil. An féidir leis an Aire Stáit a shamhlú, ó tharla gurb as Contae na Mí dó, mura mbeadh aon pháirceáil ag an OPW ag Brú na Bóinne? An féidir leis a shamhlú go gcaithfí páirceáil ar an tsráid agus go mbeadh cóistí capall, rothair – tá an t-uafás daoine ar na hOileáin Árainn ar rothar, mar is eol dó - agus go leor busanna ann? Is é seo an rud is gá díriú air. Ba mhaith liom a bheith dearfach agus breathnú an bhfuil féidearthacht le réiteach éasca a fháil air seo. Ba mhaith liom go rachadh an tAire Stáit ar ais chuig a Roinn le fáil amach cén fáth nach suíonn an OPW síos leis an gcomhairle contae agus leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le féachaint an bhféadfadh siad iarratas a dhéanamh faoin ciste RRDF leis an bhfadhb fhadtéarmach seo a réiteach, talamh breise a fháil agus a cheannach, agus ansin dul ar aghaidh agus forbairt a dhéanamh ar na háiseanna páirceála ansin. D’athródh sé sin chuile shórt. Chonaic muid nuair a rinne muid an ché in Inis Mór. Bhí sé ina sciob sceab ar an gcé go dtí gur tógadh an ché nua. Anois, tá sé an-eagraithe agus sábháilte agus tá áit do chuile shórt ar an gcé. Is é seo an rud céanna a theastaíonn anois anseo. Nach iontach an rud é go bhfuil 144,000 duine ag dul amach ann? Caithfidh muid cuimhneamh ar rud amháin, is é sin, go bhfuil muid ag iarraidh go gcuirfear scéal maith amach gur áit iontach le dul é, le háiseanna thar cionn, agus ar ndóigh, go bhfuil Dún Aonghusa mar a bhí sé riamh, le lámh leagtha air agus é ann don phobal. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-11-07/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:26+00:00 Sitting date: 2024-11-07