Cúrsaí Oidhreachta Dail Éireann — 2024-11-07 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Gabhaim buíochas leis an Teachta. Aontaím leis. Rachaidh mé ag caint leis an Aire agus leis na hoifigigh in Oifig na nOibreacha Poiblí maidir leis an gcás atá déanta ag an Teachta Ó Cuív maidir le páirceáil. Tá sé ráite againn cheana go bhfuiltear ag obair le Comhairle Chontae na Gaillimhe ina leith seo. Tá an Teachta Ó Cuív ag iarraidh go mbeidh níos mó déanta. Tá súil agam gur féidir linn réiteach a fháil ar an bhfadhb seo. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Tá súil agam go dtoghfar mé arís, ach níl a fhios agam. Ní bheidh an Teachta Ó Cuív----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-11-07/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:26+00:00 Sitting date: 2024-11-07