Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2024-11-07 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West Seo í an uair dheireanach a labhróidh mé sa Dáil. Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus an fhoireann uile atá sa Teach seo as ucht na hoibre ar fad a dhéanann siad agus an bealach ina gcaitheann siad linn i gcónaí. Tá siad go deas réchúiseach, tuisceanach agus stuama. Mar is eol don Tánaiste, níor aontaigh mé riamh leis an gcinneadh a rinneadh sa bhliain 2012 fáil réidh le hionadaíocht thofa ar bhord Údarás na Gaeltachta. Cuireadh ann é den chéad uair in 1979. Tá a fhios agam go ndearna an tAire Airgeadais, nuair a bhí sé ina Aire Stáit don Ghaeltacht, agus an tAire Stáit reatha, an Teachta Thomas Byrne, go leor oibre ar Bhille Údarás na Gaeltachta. An cheist atá agam ná, ar tharla nár ritheadh an Bille sin ina Acht agus tá sí ar Chéim an Choiste, má thoghtar an Tánaiste arís, an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas geallúint a thabhairt go leanfar leis an mBille sin san Oireachtas san áit ar thosaigh sé ag scor na Dála seo? Tá imní ar an bpobal ar fud na Gaeltachta faoi. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2024-11-07/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:26+00:00 Sitting date: 2024-11-07