Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions Dail Éireann — 2025-02-19 ============================================================ Paul Nicholas Gogarty (IND), Dublin Mid-West Gabhaim buíochas leis an Taoiseach. Tá a fhios agam go bhfuil caighdeán Gaeilge an-mhaith sna gnáthscoileanna freisin agus go bhfuil na hÉireannaigh nua ag lorg áiteanna chun an Ghaeilge a labhairt an t-am ar fad freisin. Tá a fhios agam sin. Is mór is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo mhéara ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, fuarthas cuireadh ó ghrúpa reilige ar Lá Fhéile Pádraig agus bhí an ghrúpa ag canadh go leor amhrán. Chan siad amhráin as Béarla agus as Gaeilge. Ba mhór an bród a bhí ar an ngrúpa seo as a bheith ina nÉireannaigh agus as a gcuid tíortha nádúrtha ag an am céanna. Chuala mé freisin an Córán á léamh trí Ghaeilge. Tá a lán daoine ag iarraidh Gaeilge a labhairt ach caithfear an tslí a dhéanamh níos simplí. B’fhéidir go bhfuil orainn comhrá a bheith againn faoin chaighdeán Gaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-02-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:31+00:00 Sitting date: 2025-02-19