Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions Dail Éireann — 2025-02-19 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Is suimiúil go raibh an taithí sin ag an Teachta nuair a bhí sé ina mhéara. B’fhéidir go léiríonn sé go bhfuil orainn i bhfad níos mó a dhéanamh ó thaobh tacaíochta a thabhairt do na grúpaí áirithe ar fud na tíre agus i measc an phobail i gcoitinne. Tá mé sásta bualadh leis na hAirí Gaeltachta agus Oideachais agus leis an Rialtas i gcoitinne faoi conas is féidir níos mó tacaíochta a thabhairt do ghrúpaí den saghas sin a luaigh an Teachta chun an Ghaeilge a labhairt. B’fhéidir go gcaithfear áiseanna a chur ar fáil dóibh chun a bheith níos compordaí agus níos muiníní as an nGaeilge a úsáid go rialta mar tá fonn orthu. Tuigeann siad go bhfuil nasc idir cumas na Gaeilge agus a bheith mar Éireannach nua, mar a dúirt an Teachta é féin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-02-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:31+00:00 Sitting date: 2025-02-19