An tOrd Gnó - Order of Business Dail Éireann — 2025-02-25 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Níl a fhios agam má tá an Taoiseach ar an eolas faoin stailc leathlae ag 40 eagras Gaeilge amárach chun réiteach a fháil anois agus infheistíocht chothrom a chinntiú do na grúpaí agus don Ghaeilge, seachas ciorruithe de €820,000 atá fógartha ag Foras na Gaeilge agus easpa maoinithe leanúnach le blianta san áireamh, gan fiú trácht ar an mboilsciú ar na costais. An nglacann an Taoiseach leis go bhfuil géarchéim ann agus an dtacóidh sé leis an stailc amárach? Cad atá á dhéanamh faoin éileamh atá acu? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:32+00:00 Sitting date: 2025-02-25