An tOrd Gnó - Order of Business Dail Éireann — 2025-02-25 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Glacaim go bhfuil deacracht ann gan amhras. Nílim cinnte gurb í stailc an tslí is fearr chun é seo a réiteach. Bhíos ag labhairt leis an Aire, an Teachta Calleary, faoi seo ar maidin. Bhí an tAire ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i rith an deireadh seachtaine agus bhí daoine ag caint faoi. Beimid, agus tá súil agam go mbeidh an Tánaiste, ag déanamh ár ndíchill chun feabhas a chur ar an scéal. Tá a fhios agam go bhfuil deacracht faoi leith ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:32+00:00 Sitting date: 2025-02-25