An tOrd Gnó - Order of Business Dail Éireann — 2025-03-04 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Aontaím leis an Teachta. Is féidir linn cabhair agus tacaíocht a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge. Tuigim go bhfuil brú airgeadais ar Fhoras na Gaeilge agus fógra tugtha ag an mbord le déanaí go mbeidh air maoiniú a ghearradh ó chuid dá scéimeanna mar bheart éigeandála, agus is cúis díomá é sin don Rialtas. Tá ceist airgeadais Fhoras na Gaeilge pléite ag roinnt cruinnithe le tamall anuas. Bhí cruinniú ag oifigigh Roinn na Gaeltachta ar an 10 Feabhra leis an Roinn Pobal ó Thuaidh, le Foras na Gaeilge agus le Gníomhaireacht na hUltaise, áit ar pléadh na dúshláin airgeadais atá ag an dá eagraíocht. Bhí cruinniú práinneach ag an Aire Gaeltachta, an Teachta Calleary, le cathaoirleach agus le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar an gCéadaoin, an 12 Feabhra, agus mar sin tá an cheist seo á plé go mion ag an Aire agus a chuid oifigeach. Tuigim go raibh cruinniú ag oifigigh Roinn na Gaeltachta freisin le sé cheanneagraíocht Gaeilge agus gur léirigh ceannasaithe na gceanneagraíochtaí sin a n-imní maidir le dúshláin airgeadais an fhorais. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:34+00:00 Sitting date: 2025-03-04