Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha] Dail Éireann — 2025-03-04 ============================================================ Peadar Tóibín (AON), Meath West Gabhaim míle buíochas leis an gCeann Comhairle. Ar dtús, cuirim fáilte roimh an rún ó Shinn Féin. Caithfidh mé a rá go bhfuil go leor oibre déanta le fada an lá ag an Teachta Ó Snodaigh mar gheall ar an teanga. Is mian liom freisin smaoineamh ar a athair, a bhí ina ghníomhaire teanga le fada an lá, a fuair bás le déanaí. Déanaim comhbhrón leis an Teachta Ó Snodaigh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:34+00:00 Sitting date: 2025-03-04