Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha] Dail Éireann — 2025-03-04 ============================================================ Peadar Tóibín (AON), Meath West Tá 20 soicind eile de dhíth orm. Tá fadhb ann mar gheall ar na scoileanna. Tá 25% de na tuismitheoirí sa tír seo ag éileamh Gaelscolaíochta. Níl ach 6% ag fáil Gaeloideachais sa tír seo. Bíonn daoine ag caint faoi Ghaeilge éigeantach, ach leis an fhírinne a rá, tá an Béarla éigeantach ar go leor daoine. Táthar ag brú an Bhéarla síos scornaí na bpáistí sa tír seo. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag treisiú agus ag fás na Gaeilge, ach, i ndáiríre, tá an Rialtas mar bhac ar fhás na Gaeilge sa tír seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:34+00:00 Sitting date: 2025-03-04