Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2025-03-05 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Mar is eol don Teachta, tá deacracht ó thaobh Fhoras na Gaeilge faoi láthair. Níl aon amhras faoi sin. Níl an Rialtas anseo freagrach as an deacracht sin. Táimid ag déanamh gach aon iarracht an cheist sin a réiteach. Mar aon leis sin, táimid sásta níos mó infheistíocht a chur isteach i gcúrsaí Gaeilge i gcoitinne agus níos mó tacaíocht a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge. I gcomhthéacs an clár Shared Island, táimid sásta níos mó a dhéanamh le Foras na Gaeilge agus leis an áisíneacht a bhaineann leis an Ultais. Beimid ag déileáil le Foras na Gaeilge. Tá an tAire, an Teachta Calleary, ag déanamh gach aon iarracht an cheist phráinneach atá ann faoi láthair a réiteach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:34+00:00 Sitting date: 2025-03-05