Seachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2025-03-05 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Ar ndóigh, cuireann sé gliondar ar mo chroí agus tugann sé ardú meanman dom an méid Comhaltaí, an Teachta Murphy san áireamh, atá sásta an Ghaeilge a úsáid inniu agus páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo. Tá éacht déanta aige agus ag na Teachtaí Dála eile freisin. Ag an am céanna, tá ráitis i gceist arís agus ráitis ó thaobh na Gaeilge de. Chuile bhliain bíonn ráitis againn ó thaobh na Gaeilge de agus tá sé ag coinneáil na Gaeilge ar imeall seachas an Ghaeilge a bheith fite fuaite ar chlár oibre na Dála. Chun an sprioc nó an cuspóir sin a bhaint amach bhí mise páirteach i bhfochoiste, nuair a d'fheidhmigh mé mar Chathaoirleach air, agus d'oibríomar go léir traspháirtí chun tuarascáil ghearr a chur le chéile le moltaí praiticiúla chun an cumas in úsáid na Gaeilge a mhéadú i líon na dTeachtaí Dála agus na foirne. Faraor géar, níl a fhios agam cad a tharla don tuarascáil sin ach bhí moltaí praiticiúla ann. Bhain ceann dóibh le ceisteanna chuig Airí, go mbeadh an chéad cheist de na Ceisteanna Eile i nGaeilge,go mbeadh deis ag gach Teachta Dála cur isteach ar an bpróiseas sin agus, ar a laghad, gach lá ar an Máirt, an Céadaoin agus an Déardaoin, go mbeadh ceist i nGaeilge. Níor tharla sé sin, ach b'fhéidir go mbeidh tionchar ag an Aire Stáit ar an gceist sin. Is rud praiticiúil é sin. Bhí rudaí eile i gceist freisin ó thaobh----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:34+00:00 Sitting date: 2025-03-05