Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Cloisim go ndeir an tAire nach bhfuil an buiséad réitithe go fóill ach tá a fhios ag gach uile dhuine go bhfuil an buiséad réitithe mar tá sé soiléir nach bhfuil airgead breise ag teacht ón bhFeidhmeannas toisc cinntí an DUP. Dá réir, ní bheidh aon fhás ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Caithfimid teacht timpeall ar fhadhb atá cuíosach bunúsach le tamall de bhlianta anuas áit atá an Stát ag rá go hoscailte go bhfuil sé sásta cur leis an airgead agus go bhfuil an fhadhb ó Thuaidh. Is fadhb pholaitiúil í ach is fadhb í sa chás seo atá ag cur as do na sé cheanneagrais go bhfuil €800,000 á tharraingt siar ón obair atá ar bun acu. Na dreamanna a bheidh thíos leis seo ná dreamanna atá thíos cheana féin toisc nach raibh aon ardú sa bhuiséad acu le blianta agus an fhadhb bunúsach seo ann. Caithfimid teacht timpeall air seo ar bhealach. Tabharfaidh mé roinnt samplaí don Aire nuair a thagaim ar ais. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06