Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Cinnte. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil an fhoireann Gaeltachta agus Gaelainne imithe ó mo Roinn agus mar sin is é an tAire, an Teachta Calleary, atá ag plé agus a bheidh freagrach as na polasaithe a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta agus Gaelainne. Ach tuigim go bhfuil mé os comhair an Dála inniu agus beidh mé in ann an t-ábhar sin a phlé leis an Aire chomh luath agus is féidir. Níl aon amhras orm ach go bhfuil sé sin an-tábhachtach do na daoine ar fad sa tír seo a bhfuil suim acu i gcúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta. Tá sé an-tábhachtach an t-ábhar sin a réiteach go luath. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06