Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Gabhaim buíochas leis an Teachta. Mar is eol don Chathaoirleach Gníomhach agus don Teachta Ó Snodaigh go háirithe, rinne mé a lán oibre maidir leis an gceist seo nuair a bhí mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht sa Rialtas deireanach. Tuigim cé chomh tábhachtach atá sé ach, ar an gcéad dul síos, is ceist don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta é. Tá an-chuid oibre déanta ag Údarás na Gaeltachta agus ag an aonad i Roinn nua an Aire, an Teachta Calleary, le linn tréimhse an Rialtais dheireanaigh. Tuigim cé chomh tábhachtach atá sé. Níl aon amhras go bhfuil sé an-tábhachtach don dream óg agus do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ina gcónaí sna ceantair Ghaeltacht cead pleanála a fháil agus tithe a fhorbairt. Tá an Rialtas agus páirtí an Teachta féin ar an leathanach céanna ar an ábhar sin. Tá súil agam go mbeidh an fhadhb sin réitithe go luath. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06